Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
- XML Leathanach 127
- XML “Go gCasam Mo Raon na Géana Romhan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag droicead na siopaí 'seadh do chonnaic an spéir-bhean
Ba dheise is ba bhreaghtha is ba chaoridhe a gnó
Do ritheas na coinnibh le taitneamh dá bhreághthacht
D'fhonn sinn bheith páirteach le fághail a beóir
Do bhagras liom í go doras tighe tabhairne
Cuireas gloine is cairt
'Sé dubhairt sí " fan socair go bhfeicfead mo mháithirín
Is go gcasam mo raon na géana romhainn
2
Ógánach-go dtugas taithneamh mocléibh duit
Nó an fada uait féin gan tú fheicsint níos mó
Nuair luighim ar mo leabaidh ní codladh do dhéanfainn
Ac ag cuimhneamh is ag machtnamh ar d'fhear san breágh óg
Seactmhain ó amanarthar a thiocfad sa a h-éileamh
Is do bhéarfad liom gasra de chapallaibh tréana
Ar coingioll go dtaithnfeadh an freagra dhéarfá
As go gcasam mo raon na géana romhainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréadh Ní Aodha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí