Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí

Suíomh:
Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
An tSr. M. Olivia
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0253, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0253, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Seanfhothracha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar chul ár dtíghe tá dhá chrainn fuinnseóga ag fás ar lios. Deirtear go seasann ceann amháin acu ar bhun agus ceann éile ar bharr uaighe ríogh atá curtha annsin in éinfheacht le n-a chapall agus a chlaidheamh.
    Le h-ais an leasa seo tá fothracha tighe. Nuair a bhí mó shean-athair in a gharsún thosuigh a thuismightheóiri ar an teach seo a thógáil, agus gach lá chidís girrfhiaidh ag dul thart, agus an méid a tógtai de'n tigh lá amháin bhíodh sé leagtha an chéad lá éile.
    Dubhairt na fír oibre go dtógfaidís é da mbeadh an diabhal féin ann. Rinneadar amhlaidh, agus nuair a bhíodar in a gcomhnuidhe ann chuaidh tríur de'n cheathrar fhear as a meabhair. D'fhill an fear éile chun an tighe in a bhfuilimíd in ar gcomhnuidhe faoi lathair. Níor tugadh isteach d'ár dtíg as an dtigh éile ach amháin an tlú atá in ár seilbh go fóill, agus tá sé an-aosta ar fad - tuairim dhá chéadh bhliadhain.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bláthnaid Ní Bhoidcín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glennameeltoge or Midgefield, Co. Ros Comáin
    Faisnéiseoir
    Séamús Ó Cheassaidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Currach Rua, Co. Ros Comáin