Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mrs J. Booth
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnuicíní
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'San tsean aimsir ní bhíodh an oiread daoine ag dul go h-America ná go Sasana, ná - go h-Albain is mar atá anois agus d'fhanadh gach líon tighe i dteann. Tá chéile go dtí go mbídís na bhfearaibh is na mnáibh agus an uair sin féin is mall do scaipidhís.
    Is minich d'fhanad an bhuachaill bá shine gan pósadh go ndéanfaidhe treó do'n gcuid eile, do na cailíní go háirithe. Is minich a bhíodh scata mór páistí in aon tigh amháin, ag brath ar toradh na talmhan chun iad do chothughadh.
    Acht bá shuarach an rudh do chothóchadh san aimsear sin. Bhíodh prataí go saor raidhseamhail, agus go háluinn ar fad le n-ithe, agus dár ndóigh bhíodh bainne 'na shlaodaibh ag na feirmeóirí. Bhíodh bainne dá chaitheamh amach an dorais agus gan aon mheas air. Bhíodh bainne (dá chaitheamh amach) gleigeal dá n-ól ag na muchaibh is na madraí. Fiú amháin na daoine a bhí gan fhód talmhan acha féin, b'fhuraiste dhóibh, bainne d'fhágháil gan ceannach gan airgead. B'é gnáth biadh na ndaoine ar fad idir fheirmeóirí is daoine bochta ná prátaí, prátaí le gach bhéile. Agus b'é an sgéal céadna é ar fúd na dúithche ar fadh. Ní bhíodh ag na daoine bocht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhurchudha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Rinn Aird, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Mhurchudha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Rinn Aird, Co. Chiarraí