Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 296
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinigh an Gorta san mblián 1847 aghus do fuair mórán de's na daoine bás leis an ocras. Na daoine a chailleadh a gcuid tailimh, bíodh an sgéal go h-olch acu. Ní bhíodh bíadh ná ceannach ar cáirdhe acu, agus ní bhíodh le déanamh achu, ach dul ag iarraid déirce. Ní fada a bhídhís ag iarraidh na deirce. Nuair a thaghadh breóitheacht ortha agus gheibhdís bás. Ní bhíod an taithíghe achu ar an ocras na ar an gcruadhtan agus ní sheashuighdhis i bhfad nuair a thagad an t-ocras agus an cruadhtan ortha. Go minic nuair a bhíodh an t-ocras go dían ortha do chaithidis eirghe agus gabháil amach agus a n-aghaidh a thabhairt ar tig cómharsan éigin. B'fheidir chómh dealbh leo féin no gheall leis. Féachaint an bhfaighdís lán beil de rud eigin le n-ithe a bhainfeadh an buile ochrais uatha.
D'iompuigh an droch shaoghal gac aon rudh taobh síos suas agus rud do b'ionganthach iseadh ná feirmeóirí móra láidire do thuit ar dtúis. An fear na raibh aige ach an feirm beag. Fear sé nó seacht de bhuaibh do choiméadh sé a greim. Ach an fear go raibh an fheirm mór fairsing aige do bhriseadh go luath e nuair a tháinig an t-atharughadh saoghail.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Néill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Leitir, Co. Chiarraí