Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mrs J. Booth
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnuicíní
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fé mar thar ochtmhogha blíana ó shoin do chaill long Seóíl a stiúir. Long shéolta a bíodh ann sa thráth san agus pé fada no gairidh a bhí sí amhlaidh. Do shéol gála isteach go bun na fothraigh í an aiche na Faille.
    Ar an dtaobh thíar theas de'n staisíun gan sreang í Oilean Dairbhre. Do bhí sí dhá caitheamh isteach ana cóngarach do'n bfaill;. Do bailigh sluagh daoine le céile Chuadar síos cómh fada is a bfeidir leó 'sa bhfaill. Do bhí na daoine 'sa tír ag bagart ar fhear fíonn ruadh do bhí ar bórdh luinge coimeadh amach. Do bhí duath aige sin agus idir gach aon dóitín, do bhuailfeadh poch ar an gcrann á d'iarraidh é a leagadh agus nuair a bfucheadh na daoine é do sheasóchádh sé suas agus d'ósclóchadh sé a dhá láimh amach a cuir in umhal dóibh ná raibh bríg, ná chómhairle, la Eirighe feinig chun an crainn do ghearradh, agus le na línn sin, do bhuailfeadh poch d'en luing in aghaidh na fhaille, ag déanamh smidiríns de'n long. Do bádadh go léir iad a bhí innte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Domhnall O' Murchadha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Rinn Aird, Co. Chiarraí