Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do bhíodh aonach mór i gCillgobnatain san pharóíste seo. Bhíodh aonach mór - Aonach an Phathrúin ann ar an deichmheadh lá, de mí Feabhra. Tá páirc i bhfeirm Shéamuis Uí Sheaghdha i gCillgobnatain agus páirc an aonaig a glaodhtar airthe an lá so. In san bpáirc seo a bhíodh an aonac. Tá ceanntar eile in aice na h-áite seo agus Cúl Aonaig a tugtar airthe. Is ins an gceanntar so do rugadh "Beirt Fhear."
    Bhíodh ba, muca agus caoirig le díol ins an aonach agus thagadh ceannaightheóirí ó gach áit go dtí an aonach. Thiomáinidís na h-ainmhidhthe abhaile ar an mbóthar rómpa. Théigheadh na muca go dtí Tráighlí i ráileacha. Bíodh sluaighte buachaillí agus cailíní ar an aonach agus bhídís go léir gléasta suas go breágh. Deantaoí cleamhnasaí ann go minic. Ní raibh tig tabhairne i gCillgobnatain ríamh acht gheibheadh daoine ó Cillorglain cead speisíalta cun fuisgí, agus pórtar do dhíol ar an aonach. Bhíodh cabháin san pháirc agus ins na gcabáin a ndíolaidís an fuisgí agus an pórtar. Bíodh síbíní ann leis agus droch-fuisgí ann agus nuair d'óladh na fir ós na sléibhte agus na gleannta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    An Gort Buí, Co. Chiarraí