Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo Dubhairt sé go raibh muinntear na tuatha go maith, macánta agus níor gádh dó teacht cun íad do bheannúghadh.Bailigheann na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig. agus caitheann gach duine gas mór seamróige ar a chaipín Caitheann na cailíní crosanna pádraig nó cláirsighe glasa ar a nguailne.Chuireadh na sean-daoine bochta slat-sailighe isteach sa teine agus annsan do dheinidís figúir na croise ar guailnibh na leanbhaí óga le barr na slaite dóighte.Théigheadh na feirmeóirí san áit seo go Cillorglain an lá san fad ó, acht anois chaithfidís fanamhaint sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraig a beadh an lá so agus théigheadh na feirmeóirí go dtí an baile-mór ag ceannacht síl-coirce, nó guano igcóir an earraig. agus nuair do chasadh feirmeóir le feirmeóir eile sa sráid deireadh sé "mo Phota Phádraig ort".(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí