Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 129
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deintí fallaí na dtighthe de clocha agus cré bhuidhe agus annsan de clocha agus mairtéal. Deintí an mairtéal de ghainimh ó an geadaig agus aoil ó Dhroumabhalla (?) i gCillorglain. Ní théígheadh aon uisce tré an bfalla san. Bhíodh na saoir-chloch go maith ag a gceárd agus bhí na clocha go flúirseach ins an tír fad ó. Deintí an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Bhíodh doras ar aghaidh an tighe agus doras eile ar chúl an tighe. Bhíodh leath-dhoras in gach tig agus ba úsáideach an rud é cun na cearca agus na muca do choimeád amach as an gcistin. Bhíodh trí seómraí i bhfurmhór dos na tighthe: an cistin, an seómra thuas agus tón a tighe. Bhíodh fuinneóg cuibhseach mhór sa cistin, fuinneóg bheag sa seómra thuas agus fuinneóígín ana bheag ar fad i dtón an tighe. Ní bhíodh acht adhmad ionnta sarar cuireadh gloine ins na fuinneóaibh. Cré buidhe a bhíodh mar míanach san úrlár. Nuair a cuirtí an t-úrlár nuadh sa chistin bhíodh oidhche rinnce aca, cun an cré buidhe do dhéanamh chruiadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall O Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí