Scoil: Gráig na Gréine (uimhir rolla 12819)
- Suíomh:
- Gráig na Gréine, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Anna Ní Shiocfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gráig na Gréine
- XML Leathanach 074
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean scoil rinnce áit a bhfuil cró na mbó ag Micheál Ua Laochda anois. "Piobaire Cúil" an ainm bhí air. Ní raibh fhios ag éinne ciaca fear nó bean é oír bhí gruaig fhionn air agus bhíodh sé na dhá dhlaoi síós go dí an com. Bhíodh sé gléasta ar nós sagairt. Bfhéidir gurb amhlaidh fuair sé iad ó chléireach éígin. Ceaptar go raibh oideachas maith air. Thagadh sé uair sa bhliain ar pony beag "Savalle" a thugadh sé uirthi agus bhíodh ar gac duine a bhíodh ag freastal ar an scoil méid áirithe a thabhairt igcóír a chapaill. Níltear cinnte an ndíoladh na scoláirí as na ceachtanna rinnce ach ba leor aoidheacht (?) an sean nós gaedhealach. Bhíod sugán agus gad déanta de shlait ar na cosa agus dheiread é "Rise the leg of the sugán
Rise the leg of the gad
Grina with the leg of the etc
Tip with the leg of the etc.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Shiocfradha
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Laocda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chlais, Co. Chiarraí