Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann agus bhí tríur mac aige. Bhuail breoiteacht é. Cuireadh fios ar an ndoctúr. Níor dhem sé aon leigheas do. Bhuail bean feasa isteach chuige lá. Dubhairt sí nách raibh a leigheas le fághail ach buideál d’uisge Thobair Deire an Domhain agus nárbh fhuirist é fhághailt mar bhí spiorad ag tabhairt aire do’n uisge. “Marbhuigheann sí gach aoinne imthigheann fé dheín an Tobair. Ní bheidh aon tseans acu an t-uisge tabhairt leb muna mbeadh sí i-n-a codladh”
Ghlaoidh an fear breoite a thruír mac chuige agus dubhairt sé leo – “ An duine agaibh a thabharfaidh an buideál chugham isé a gheobhaidh an fheirm.”
Thug sé dachad púnt I gcóir an bóthair dómh. D’inthigeadar ortha go dtí bóthar na dtrí gCros. Chuaidh an bheirt ba shine isteach I dtig agus lean an mac óg ar an mbóthar. Nuair a tháinig an oidhche air chuaidh sé isteach I dtig. D’fhiafruigheadar de cá raibh sé ag dul agus d’innis sé sgeul dóibh. Thug bean a tíghe liathróid do nuair a bhí sé ag imtheacht sa mhaidin.
Dubhairt sí leis nuair a raghadh sé go dtí an bhfairrge an liathróid do caitheamh isteach innte. Bhí bád ann annsan is lém sé isteach ann is bhí an liathróid ann roimis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Cheallaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Cheallaig
- Inscne
- Baineann