Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 088
- XML “Croch Gheal”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhéanamh lá áirighthe agus an Dall a chaitheamh isteach ann. Tháinig an lá. Bhí na sluaighte bailighthe. Ceangladh cosa agus lámha an Dall bocht. Nuair a bhítheas cun é a chaitheamh isteach sa teine labhair mac na Bárd Scolóige agus dubhairt.
“Is mise ghoid an banbh. Is mé bhain an ceann de’n bithiunach, Is mé chuaidh i seómra inghín an ríogh. Is mé a dhein gach aon rud is ma tá an teine tuillte ag aoinne is agam atá se tuilte.
Sgaoleadh Dall Bán an Cogaidh agus pósadh inghean an ríogh agus Mac na Bárd Scolóige (gan teideal)
“Nuair a bhí cómhnuidhe ar Sheartha Ó Conaill ar an gCloch Bhuaile choimeád sé an garsún ba shine a bhí aige abhaile ón scoil ag cur na prátaí.”
Nuair a bhí cómhnuidhe ar Sheartha Ó Conaill ar an gCloch Bhuaile choimeád sé an garsún ba shine a bhí aige abhaile ón scoil ag cur na prátaí. Tháinig an Máighistir scoile ag traill air tráthnóna. Dubhairt sé gur cheart do an garsún a chur ar sgoil chun an béarla d’fhoghluim. “A” arsa Seartha á fhreagairt “Is olc an t-annla an béarla gan prátaí”- Faisnéiseoir
- Seartha Ó Chonaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baisleacán, Co. Chiarraí