School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 115
  3. XML “Tobar Dheireadh an Domhain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann agus bhí tríur mac aige. Bhuail breoiteacht é. Cuireadh fios ar an ndoctúr. Níor dhem sé aon leigheas do. Bhuail bean feasa isteach chuige lá. Dubhairt sí nách raibh a leigheas le fághail ach buideál d’uisge Thobair Deire an Domhain agus nárbh fhuirist é fhághailt mar bhí spiorad ag tabhairt aire do’n uisge. “Marbhuigheann sí gach aoinne imthigheann fé dheín an Tobair. Ní bheidh aon tseans acu an t-uisge tabhairt leb muna mbeadh sí i-n-a codladh”
    Ghlaoidh an fear breoite a thruír mac chuige agus dubhairt sé leo – “ An duine agaibh a thabharfaidh an buideál chugham isé a gheobhaidh an fheirm.”
    Thug sé dachad púnt I gcóir an bóthair dómh. D’inthigeadar ortha go dtí bóthar na dtrí gCros. Chuaidh an bheirt ba shine isteach I dtig agus lean an mac óg ar an mbóthar. Nuair a tháinig an oidhche air chuaidh sé isteach I dtig. D’fhiafruigheadar de cá raibh sé ag dul agus d’innis sé sgeul dóibh. Thug bean a tíghe liathróid do nuair a bhí sé ag imtheacht sa mhaidin.
    Dubhairt sí leis nuair a raghadh sé go dtí an bhfairrge an liathróid do caitheamh isteach innte. Bhí bád ann annsan is lém sé isteach ann is bhí an liathróid ann roimis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0551: The Sons on a Quest for a Wonderful Remedy for their Father
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Cheallaig
    Gender
    Female
    Informant
    Máighréad Bean Uí Cheallaig
    Gender
    Female