Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 087
  3. XML “Croch Gheal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D’imthigan gárda amach ag gabháilt párdún leis an mnaa chuadar ar ais chun an ríogh agus dubhradar ná raibh aon maith sa chómhairle. Chuir sé fios ar an nDall Bán airís agus tháinig sé .
    Sé an chómhairle a thug sé do an tam sé. Cuireadh a thabhairt d’óg is d’aosta agus oidhche thabhairt dóibh. “Cuir tinghean fé ghlas” ar sé “ agus má théigheann aoinne fé’n a déin sé an fear a ghoid an banbh é. Tug sé buidéilín do’n rígh. “Tabhair é sin dot inghean agus cuirfidh sí cros de air agus annsan is fuirist é aithiúnt” ar seisean.
    Tháinig an oidhche, bhí ceol is ol is rínnce aca. I lár na hoidhche bhíodar go léir caithte ar meisge ach amháin príntíseach fear na bpeiginí. Ar shlíghe ciúinsiúl éigin chuaidh sé a’trial ar inghean an riogh sa tseómra. Chuir sí cros ar a éadan. Ach níor theip riamh ar mac na Bárd Seolóige ghoid sé an buidéilín uatha agus níor fhág sé aoinne óg na aosta gan croisín a chur air. Annsan chaith sé é féin in-a fhear marbh ‘n-a ‘measg.
    Ar maidin tháinig an rí agus ghárda. D’óscail sé an doras a bhí dúnta go daingean ó’n dtaobh amuig. D’éirigh fear nuair a chonnaic sé an doras oscailte. “ Tá beirthe ort a bhuachaill” arsan rí. “Cad é an coir atá deanta agam?” arsan fear. “Coir do chrochta” arsan rí seo amach fear eile agus a chros air. “ Bhí beirt acu ann” arsan rí. Bhíodar go léir ag eirighe agus a chros ar gach aoinne. “ O m’inghean m’inghean” arsa rí.
    Ghlaoaidh sé chuige a chómhairle feach cad ba cheart a dheanamh leis an nDall Bán. Dubhradar leis béilíghtheach mhór teine do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0950: Rhampsinitus
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Mac Giolla Coda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Chiarraí