Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 559
- XML “An Beirt Príosúnaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Beirt PríosúnaighFadó in aimsir na buachaillaí bána do thógadh as Baile-Mhuire beirt buachallaí. Comrádaithe ab eadh iad agus cuireadh isteach I bpríosún I gCorcaigh iad. Bhíodar ann ar feadh i bhfad gan aon bhraith acu ar teacht amach agus ní raibh fhios acu cathin a geobhaidís a pardún. Bhí duine acu an-úaigneach in dhiaidh an baile agus a mhuinntir agus bhíodh sé ag gol i gcómhnuidhe. Bhíodh sé ag paidireóireacht gach aon nóiméat agus bhí an paidr seo aige:
“A Ghobnait a dhúchais a bhí i mBaile-Mhúirne tair-se chúgham-sa
Let’ chabhair is let’ chonghnamh is tóg(h) cun siubhal mé amach as an tiúir seo”
“Tá sí id cúram,” a deireadh an buachaill eile gach aon úair a deireadh sé an paidir. Cuinneamh sé suas a phaidir i ló agus ist oidhche agus gach aon úair deireadh an búachaill eile, “tá sí id cúram” agus bhíodh sé ag maghadh agus ag gáiridhe fé. Bhí san go maith go dtí aon maidin amháin connaich sé dorus an(leanann ar an chéad leathanach eile)