School: Cnoc na Bró

Location:
Knocknabro, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 559

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 559

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 559
  3. XML “An Beirt Príosúnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Beirt Príosúnaigh
    Fadó in aimsir na buachaillaí bána do thógadh as Baile-Mhuire beirt buachallaí. Comrádaithe ab eadh iad agus cuireadh isteach I bpríosún I gCorcaigh iad. Bhíodar ann ar feadh i bhfad gan aon bhraith acu ar teacht amach agus ní raibh fhios acu cathin a geobhaidís a pardún. Bhí duine acu an-úaigneach in dhiaidh an baile agus a mhuinntir agus bhíodh sé ag gol i gcómhnuidhe. Bhíodh sé ag paidireóireacht gach aon nóiméat agus bhí an paidr seo aige:
    “A Ghobnait a dhúchais a bhí i mBaile-Mhúirne tair-se chúgham-sa
    Let’ chabhair is let’ chonghnamh is tóg(h) cun siubhal mé amach as an tiúir seo”
    “Tá sí id cúram,” a deireadh an buachaill eile gach aon úair a deireadh sé an paidir. Cuinneamh sé suas a phaidir i ló agus ist oidhche agus gach aon úair deireadh an búachaill eile, “tá sí id cúram” agus bhíodh sé ag maghadh agus ag gáiridhe fé. Bhí san go maith go dtí aon maidin amháin connaich sé dorus an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish