Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 633

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 633

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 633
  3. XML “An Fear Deireanach a Fuair A Bheatha ar an Saol so”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An fear deireannac a fúair a bheatha ar an saoghal so.
    Bhí fear ann go raibh a bheatha a’ teacht ó neamh cuige agus ‘s é áit a raibh cómhnuidhe air fé bhéilic cluiche. Do tháinig maidin fúar fliuch fánaidheacht. Do sháidh sé a cheann amach ó béal na béilice agus dúbhairt sé ‘na aigne féin gur fíor fánaidheacht an maidine é.
    Do chuaidh sé amach annsan ‘s ní raibh aon rud le fághail aige. Do smaoineadh sé annsan go raibh peaca déanta aige. Cuir sé na píolóidí ar féir annsan dul i gcorp na h-abhann go bhfásadh cúnlac gorm tré pláitíní a ghlúin. Ins an áit dá raibh sé ins an abhainn bhí posáiste dul treasna. Amach in am mí-tráitheamhail sar oidhche a bhí cúghainn. Do tháinig bitheamhnach agus dá caoire ar théid aige, bhí sé ag íarraidh na gcaorach a cur tríd an bposáiste air ach ní geóbhaidís ann dó.
    Do labhair sé annsan agus do fhiafruig sé a’ raibh aoinne annsin. Do freagruighead é. Dúbhairt é seo go raibh sé féin. “Cad cur ann tú” ars’ fear na gcaorach. “Do fuaireas locht an tabharthas Dé ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756A: The Self‑righteous Hermit
    Teanga
    Gaeilge