Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 589

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 589

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 589
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill agus Lorcán Mac Luirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fionn Mac Cumhail agus Lorcán Mac Luirc
    Do bhuail an fiadh-chailleach uime Fionn. D’fhiafruigh sí de Fhionn imireochadh sé breith. Dubhairt Fionn go n-imireochad, agus do bhuaidh sé an breith ar Fhionn, agus dubhairt Fionn go n-imireochaidís breith eile. Do bhuaidh Fionn an tarna breith. Dubhairt Fionn “Tabhair do bhreith, a chailleach.”
    Claidheamh soluis Rí an oileán bháin a thabhairt chugham agus gan aon duine do’n Fhéinn a bhreith leat ach Conán Maol. “Tabhair-se do bhreith anois, a Fhinn.”
    ‘Sé mo bhreith,” arsa Fionn, cos leat do chuir ar an gcnoc sin thall agus an chos eile ar an gcnoc sin thuas, punan eornan do chuir i lár slíghe agus gan aon rud a thabhairt le n-ithe dhuit ach an méid a shéidfhidh an gaoth chughat di.
    Gluais Fionn cun siubhal lá é féin agus Conán. D’árduig leis an chorachán ar an bhfarraige. Bhíodar i bhfad amach sa bhfarraige nuair a chonnaiceadar corachán eile ag teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge