Scoil: Anabla
- Suíomh:
- Áth na Bláiche, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall céád slat ó Oifigh an Phuist i bparoíste Cill-Chuimín tá cros dheas déanta de mharmar agus cloch-aoil.Do cuireadh ar bun í timcheall cúig bliadhna deug ó shoin. Ar an gcrois seo tá sgríbhinn í mbearla agus gaodhluinn. Mínigheann an sgríbhinn seo an chúis gur cuireadh ar bun í. Is i Lios an Aifrinn atá an chros suidhte. Tá Lios an Aifrinn i bhfeirm Shéumais Plémionn i mbaile Ráthfhionáin." Do cuireadh an chros seo ar bun mar cómhartha ar an áit in a mbíodh an t-aifreann dá léigheamh. Le linn an droch shaoghail nuair ná bíodh díon ná slínn ós cionn Altróra Dé nuair a bhíodh saighdiúirí an rí ar thóir an bhobail. "
Seo a bhfuil sgríbhte ar an gcrois agus sagart darb baile dúthchais an paróiste seo Cill-Chuimín d'órduigh an chros seo do chur ann.Tagann mórán daoine ó am go ham chun an chros seo d'fheiscint. Timcheall na croise tá ráil iarainn agus ní féidir le h-aoinne dul isteach gan dréimre. Coimeádann an ráil seo na h-ainmhidhthe amach freisin. Tháinig creachadóirí ó Ameiricha cúpla bliadhain ó shoin agus tógadar(leanann ar an chéad leathanach eile)