School: Anabla

Location:
Anablaha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0454, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0454, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anabla
  2. XML Page 015
  3. XML “Cros Cuimhneacháin i gCill Chuimín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall céád slat ó Oifigh an Phuist i bparoíste Cill-Chuimín tá cros dheas déanta de mharmar agus cloch-aoil.
    Do cuireadh ar bun í timcheall cúig bliadhna deug ó shoin. Ar an gcrois seo tá sgríbhinn í mbearla agus gaodhluinn. Mínigheann an sgríbhinn seo an chúis gur cuireadh ar bun í. Is i Lios an Aifrinn atá an chros suidhte. Tá Lios an Aifrinn i bhfeirm Shéumais Plémionn i mbaile Ráthfhionáin.
    " Do cuireadh an chros seo ar bun mar cómhartha ar an áit in a mbíodh an t-aifreann dá léigheamh. Le linn an droch shaoghail nuair ná bíodh díon ná slínn ós cionn Altróra Dé nuair a bhíodh saighdiúirí an rí ar thóir an bhobail. "

    Seo a bhfuil sgríbhte ar an gcrois agus sagart darb baile dúthchais an paróiste seo Cill-Chuimín d'órduigh an chros seo do chur ann.
    Tagann mórán daoine ó am go ham chun an chros seo d'fheiscint. Timcheall na croise tá ráil iarainn agus ní féidir le h-aoinne dul isteach gan dréimre. Coimeádann an ráil seo na h-ainmhidhthe amach freisin. Tháinig creachadóirí ó Ameiricha cúpla bliadhain ó shoin agus tógadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish