Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Baile Coitín"Bhí file ann fadó agus is fadó do bhí Duine deas-lághach dob-eadh é. Bhíodh sé ag dul ó áit go h-áit, ar lorg greim le n-ól, agus le n-ithe.La amháin bhí sé ag dul go Co. Chorcaighe, agus do bhí air dul tré bhaile dárbh 'ainm do Coitín. Baile beag i gCo. Chorcaighe iseadh é. Tar-éis tamaill tháinig ocras air.Chuaidh sé isteach idtig feirmeóra a bhí in aice na h-áite, ach ní fuair sé greim le n-ithe. Do chuaidh sé isteach idtig eile, agus do b'é an sgéal chéadhna é ins an dtig sin.Fearg air ansan, agus do dhein sé an dán so:-
" Baile Coitín, Baile Coitín gann.Ith do dhínnéar, sul a dtéighir ann.Baile beag briste, láimh le h-uisge.Agus mná gan tuisgint ann. "
Dómhnall Ó Súilleabháin
Fuarathas an scéul ó Mícheál Ó Mathúna
An Galán,
Ráth-Mhór- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Mathúna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gallán Thoir, Co. Chiarraí