Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)
- Suíomh:
- An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní mór le rádh Cnoc na gCaiseal mar sráid-bhaile ná paróiste ach mar sin féin bainean a lán bealoideachais leis. Na céudta blian sar ar chuir Pádruig Naomhtha a chos ar thalamh na tíre seo thug, Ciar, mac do Mheadhbh, agus a chuid leanamhna aghaidh ó dheas ó Chruachán chun an duthaigh seo.Ní fheadar cad iad na h-áitheanna a ghluaiseadar triotha ná na gniomhartha ghaile a dheineadar ar an slighe adtuaidh dóibh ó'n tuaisceart ach ghabhadar an Fhéil tamall ó dheas ó'n áit in a bhfuil Mainistir na Feíle suidhte fé láthair, agus chuireadar fútha ar an dtaobh thiar de'n abhainn, sa ghleann deas toirtheamhail a rithean siar ó dhroichead na Féile go beal na SionainneChun iad féin do chosaint ar muinntir Deas-Mhumhan na daoine a bhí in a gcomhnuidhe sa duthaigh rómpa thosnuigh Ciar agus a mhuinntir ar dhúin nó CAISIL do chur suas ar an dtaoibh thiar-theas diobh fan na gcnoc ó Abha na Féile siar ó thuaidh agus ós na caisealaibh sin a tógadh ar bhárr an chnoic fuair an áit seo a h-ainm Cnoc na gCaiseal.Bhiodh ainm eile ag na sean-daoine cued blian nó mar sin ó shoin - Pobal na Sgeach - ach is beag duine a thugan an t-ainm sin air anois.Do réir gach deallraimh bhí flaith nó taoiseach nó feirmeóir mór de treibh Ciar in a chomhnuighe ar cheann des na cnocaibh cois Cnoic na gCaiseal mar tá baile fearainn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó hEartnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí