Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)

Suíomh:
An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Paróiste - Cnoc na gCaiseal - Conas a Fuair sé a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní mór le rádh Cnoc na gCaiseal mar sráid-bhaile ná paróiste ach mar sin féin bainean a lán bealoideachais leis. Na céudta blian sar ar chuir Pádruig Naomhtha a chos ar thalamh na tíre seo thug, Ciar, mac do Mheadhbh, agus a chuid leanamhna aghaidh ó dheas ó Chruachán chun an duthaigh seo.
    Ní fheadar cad iad na h-áitheanna a ghluaiseadar triotha ná na gniomhartha ghaile a dheineadar ar an slighe adtuaidh dóibh ó'n tuaisceart ach ghabhadar an Fhéil tamall ó dheas ó'n áit in a bhfuil Mainistir na Feíle suidhte fé láthair, agus chuireadar fútha ar an dtaobh thiar de'n abhainn, sa ghleann deas toirtheamhail a rithean siar ó dhroichead na Féile go beal na Sionainne
    Chun iad féin do chosaint ar muinntir Deas-Mhumhan na daoine a bhí in a gcomhnuidhe sa duthaigh rómpa thosnuigh Ciar agus a mhuinntir ar dhúin nó CAISIL do chur suas ar an dtaoibh thiar-theas diobh fan na gcnoc ó Abha na Féile siar ó thuaidh agus ós na caisealaibh sin a tógadh ar bhárr an chnoic fuair an áit seo a h-ainm Cnoc na gCaiseal.
    Bhiodh ainm eile ag na sean-daoine cued blian nó mar sin ó shoin - Pobal na Sgeach - ach is beag duine a thugan an t-ainm sin air anois.
    Do réir gach deallraimh bhí flaith nó taoiseach nó feirmeóir mór de treibh Ciar in a chomhnuighe ar cheann des na cnocaibh cois Cnoic na gCaiseal mar tá baile fearainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó hEartnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí