Scoil: Curraigh (B.) (uimhir rolla 12066)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Peadar Ó Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraigh (B.)
  2. XML Leathanach 0424
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin agus Caipillín Gallobhachair an t-ainm a bhí air. Bhí sé in a chómhnuidhe i Sliabh Gamh. Nuair do bhíod na fir ag dul abhaile ó aonach agus dá mbéadh airgead aca ghoidfeadh Caipillín é. Bhí eagla ar gach duine a bhí i n-aice leis. Bhí gunna ag Caipillín agus aon duine nár thug an t-airgead dó, mharbhuigh sé é. Bhí bean ar aonac agus dhíol sé bó. Bhí eagla uirthi dul abhaile. Ṫug sí an t-airgead d’fhear agus thug an fear abhaile é. Nuair a bhí sé ag dul thar teach Caipillín, arsa Caipillín, “Tabhair dhom an t-airgead.” “Seo duit é!” arsa an fear. Ars an fear, “Sul a dtéighidh mé abhaile cuir cúpla piléir in mo chaipín, cuir cúpla piléir in mo chóta agus cuir piléar eile in mo chóta.” Annsin bhí na pilearaí imthighthe agus fuair an fear a airgead ar ais arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Mac Stíbhín
    Inscne
    Fireann