Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- Suíomh:
- An Com, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- XML Leathanach 148
- XML “Rudaí a Chuala Féin agus a Thugas fé nDeara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do mharbhughadh. Cliabháin Éan
Bhíodh cliabháin éan leis atá chun breith ar shmólaigh a's ar loin dubha. Ní bhíodh mheas ar dhruid dá dteigheadh sí isteach sa chliabháin agus ní baohal go gcuirtí aon chur isteach ar spideoigín dá bhfaightí ann ar maidin é. Ní raibh garsúin an bhaile chomh h-aicilidhe sin chun cliabháin éan do dhéanamh. Ní raibh aon toir na crainn ag fas ar an mbaile inse é bheith chomh congarach don sáile agus mar gheall ar sin 's ó sna buachaillí tamall isteach féin dtír a d'fhoghlaimuighimís ceárd na gcliabháin. De throm a deintí iad agus pighthe (?) an trom le tuigí. Bíodh bogha agus gabhlóg chun é a chur ar t-inneall ('ar inneall' a deir an tAthair Ó Duinnín, ar t-inneall a deirimís-ne féin). Cuirtí an baidhte (peistaí nó seilmidí) ar bior bheag adhmaid thíos fé'n gcliabháin agus buailtí an ghabhlóg 'nna seasamh 'na choinnibh agus é árduighthe ar a chlochán. Bhíodh luascán ens tuige annsan ag dul trí ladhair na gabhlóig agus bonn uachtrach an chliabháin anuas air. Bíodh an ceann aite de'n greamaighthe sa bogha. Nuair a seasaigheadh éan ar an mbogha léimeadh an luascán agus tuiteadh an cliabhain anuas air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Garraithe, Co. Chiarraí