Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sagart óg i gCaisleán Ghriaire fado, agus bhí sé feín 'san Sagart Paróíste na gcomhnaidhe i dteannta chéíle thios ar an "Loch mBeag." San am san bhí sáipeal i mBaile Dubh, agus do ghluais an Sagart Óg maidin De Domhnaig fé dhein an Bhaile Dhuibh chun an Aifrinn do rádh. Ní h-ins an áit cheadna a bhí an bóthar siar an uair sin, is mar atá sé indiu. Bhí a mhalairt ar fad de chosán a dul ann. Nuair a tháinig an Sagart Óg go Cíll Chuimín, dob éigean do dul thar abhain annsan; agus nuair a bhí an abha treasnuighthe aige, d'fheuch sé na dhiaidh, agus cad a chífeadh sé ach bean anáirde ar chapall agus í ar sodar 'na dhiaidh.B'ait leis mar scéal é, mar nár tharlaidh a leithéid roimis sin, agus ní fada chuaidh sé nuair a d'feuch sé 'na dhiaidh an tarna h-uair. Má d'fheuch thug sé fé ndeara gur bean spéireamhail áluinn í, chómh h-áluinn is luig súil duine riamh uirthi. Seo leis chun bóthair siar, agus thug sé spuir da chapall, ach sar ar tháinig sé chómh fada leis an sáipéal thug sé fúechaint eile thar a ghualainn siar, ach má thug tháinig criothnú croidhe air, ná feachadh sé riamh, agus nár(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padruig O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Neill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60