Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tarna mac, agus leis an Ríogh agus mise an mac óg”. “Tá go maith”, adubhairt sé, “agus bhfuil an triúr ag baile anois?” “Níl ach beirt aca”, adubhairt sí. “Tá an mac óg gan teacht abhaile ó d’imig sé a lorg fiacall a athar, agus b’sin é an mac ba mheasa liom”.
    “Go maith”, adubhairt sé. “Tá t-faoistin déanta i gceart agat anois”. Do thosnuig an pósadh, agus bhí an sagart ag dul i measc na ndaoine, iad ag rinnce, ag ól agus ag aoibhneas dóibh féin.
    Ba ghearr gur rug sé deoch a triall ar an mbainríoghain agus chuirsan iongna ar gach éinne, mar do síleadh gur bé sin gnó an gcócairí. Bhí fainne i dtóin an chupáin, agus nuair a chonnaic sí é agus an scríbinn a bhí air, do léim sí ‘s bhéic sí le h-áthas, agus bhí sí á pógadh ‘s a léimint mór dtimpeall air. Annsan d’innis Ubhall dá athair gur b’é a mhac óg féin é, agus ná raibh aon mhac riamh aige ach é. “Tá t-fiacla agam”, ar seisean, “agus d’eachtruig sé an scéal go léir do annsan ó thúis [go] deire.
    Do pósadh Ubhall agus an bhainrioghan agus bhí bainis seacht lá is seacht n-oidhche aca.
    Do chuir Ubhall na trí fiacla isteach i dtosach béil ‘athar, in ionad na trí fiacall capall a bhí istig ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí