Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)90/168
go bráth leis go dtí an Spáinn.
Nuair tháinig sé ar an dtaobh amuigh de’n Phálás dúbhairt sé leis na feadhmannaig go léir slíghe a dhéanamh do gur b’é féin an dochtúir á Éirinn do leighis Rígh na Frainnce, agus go leighisfeadh sé an othar uasal so leis.
Do scaoileadh steach é. D’órduig sé láithreach muair shroich sé seomra an Rígh dabhach mór uisce agus scian mhaith faobhair do bhreith a triall air. Do tugadh.
Do dhún sé dóirsí an t-seomra ar fad annsan. Chuaidh sé suas go dtí an Rígh agus gheárr sé an ceann de le haon stracadh amháin agus chaith isteach an dabhach é, agus seo leis ag corruighe an uisce mór dtimpeall. D’fhéuch sé go géar ar an gceann tar éis tamaillín, agus d’fhóbháir go dtuitfeadh an t-anam as féin, nuair a bhrath sé gur a leigheadh [=leádh?] a bhí an ceann diaidh ar ndiaidh.
Bhí sé díreach chun búirth a chur as le neart scanradh nuair cé preabfadh an fhuinneog isteach chuige ná an Fear Ruadh.
Do bhéic an Fear Ruadh air, leanamhaint air, á chorruighe. Do lean sé dhe ar feadh tamaill eile, agus thóg an Fear Ruadh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Gruiméil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí