Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 055
- XML “Scéal Eile ar na Murúchaibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad agus chuir sé an cochall isteach i bpoll ar an dtaobh thiar den ndoras.
D'fhan an scéal mar sin ar feadh dá bhlain, í sa tig na dteannta; agus fear a tíghe ag gabháil de'n iascach gach lá gan staonadh. I gcionn an dá bhlian, do bhí an fear a' dul ar an dtráig lá chun baidhte do sholáthar dá ghleamuig. Do theastuig uaidh a hata "áil" d'fhagháil, agus dúbhairt sé leis an gcailín beag dul dhá iarraidh do, go raibh sé istig i gcróidhtín na líon.
D'imig sí á chuardach agus deabhadh uirthi chun go mbeadh an t-athair buidheach di, ach ní bhfuair sí é san áit a dúbhradh léithi go bhfaigheadh. Bhí sí a feuchaint 'sa feuchaint ins gach áit, agus ar deire chuaid sí ar an dtaobh thiar de dhoras. Chonnaic sí an poll. Chuir sí a láimhín isteach, agus cad a thairriceóchadh sí amach ná an cochall. D'fhéuch sí air, ach má dh'fhéuch bhí a fhios aici nár bh'é sin hata a h-athar. Chuir sí thar nais é taréis é bhreithniú go maith ar feadh tamaill, agus ar deire d'eirig léithi hata a h-athar d'fhagháilt fé's na líonta, agus thug sí a triaill air é. Bhí san go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Dhéadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Pádruig O' Morda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89