Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Béalmúinteoiras ón gCeapaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ná a bhaintreabhach a bhí laithreach leis,
    agus éad ag an fxcailin léithi, fé'n am so.
    Do labhair an sagart.
    IV
    (An Sagart): Éist, éist! a bhaghbaire caille!
    (An Cailín): Éist-se féin, a rábaire sagairt!
    Túill so scilling, agus téir abhaile!
    Agus caoinfhead-sa féin mo dhriotháir ó go maidin
    V.
    Dá mbeithfhea agam-sa cois Abha' Caoile
    Cois Aba' Móire, nó cois Abha Bríghde
    Annsúd do gheóbainn-se mná do chaointe
    Gan amhras do mháithrín a thug súgh croidhe dhuit
    Do ghoilfeadh Cáit ort, Maire 's Síghle
    Agus dar ndóightir ní leigfinn-se barra na Slíghe leo.
    VI.
    A dhriotháir Ó, sa dhriotháir na gcarad
    Eirigh aniar 's gléas do chapall!
    Tá na coilig ag glaodhach 'san lá a' breacadh
    Agus is mithid dúinn féinig triall abhaile
    Chun a ínnsint dos mháithrín atá fe mhairg
    Gur gol mná aonair a bhí aréir ar a leanbh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)