Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    droma agus leis an dtriomhadh buile do mhairbh í.
    Tháinig iongnadh ar ghach aoinne nuair do chonnacadar cad a bhí deunta ag an leanbh beag agus tháinigh an rí cuige agus dubhairt leis go dtiubhradh sé aon rud ba mhaith leis do, acht dubhairt Fionn ná raibh aon rud ag teastáil uaidh. Chuaidh Fionn annsan go dtí an fear agus an bhean agus d'fhág slán acu, agus chuir idtuigsint de'n bhfear gan cur isteach ar an gcailín aimsire mar gurbh' é féin a thug ann í. Annsan do leath a dhá láimh amach agus do léim agus níor dhein stad ná staonadh go dtáinig sé go dtí an áit ina raibh árthach agus chuir do, agus i gceann dá lá bhí sé tagaithe isteach go Cuan Fionn Trágha. Bhí bliadhain agus lá imthighthe. Bhí fáilte agus céad ag na Fianna roimis, acht ní raibh aon mhisneach ortha mar bhí fhios acu go raibh an triúr beo. Chuir Fionn Diarmuid amach ag triall ar an dtriúr, acht má chuaidh bhí an triúr beo.
    "Seadh," arsa Fionn le Diarmuid, "beidh ort-sa troid le duine acu-san, agus má bhuadhann sé ort tá deire leis an bhFéinn"
    Má chuaidh Diarmuid ag troid le duine acu ní fada a bhí nuair abhí sé ar lár, acht chuaidh Fionn sall chuige, agus thaisbeáin a chaipín dó agus ní luaithe a dhein ná thuit an t-anam as agus bhí an lámh in uachtar ag Diarmuid. Thaisbeáin a gcaipíní do'n bheirt eile annsan agus níor thúisce a dhein ná thuit an t-anam asta. Mara mbeadh na caipíní bheadh an Fhiann ar lár.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí