Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr cailíní ann fadó agus chuir a máthair amach iad ar lorg brosna. Chuadar go dtí an cnoc agus dubhairt a máthair leó go bhfuigheadh an duine a thiubhradh an bheart is mó go bhfuigheadh sí luach saothair maith. Máirín, Eibhlín agus Róisín na h-ainmneacha a bhí ortha. Bhí an bheart ba mhó ag Máirín, an cailín ba lugha agus d'iarr an cailín ba mhó uirthi an bheart mhór do thabhairt di agus go dtiubhradh sí sin an bheart bheag di, acht diúltuigh Máirín di.
Nuair do chuadar abhaile dubhairt an mháthair go raibh an bheart ba mhó ag Máirín agus d'iarr Máirín an luach saothair uirthi. Chuir an mháthair in áirde an staighre í ag triall ar chíor, ar tuagh agus ar bloc adhmaid, agus thug Máirín anuas iad. Annsan ghlaoidh an mháthair uirthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí