Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus an bhean san ag dul ag féachaint ar an bpéist, agus bhí Fionn ag gol ag iarraidh dul leis mar 'dhéadh, acht dubhairt an bhean leis go mbeadh an iomarca daoine ann, agus go raibh sé ró-bheag. Seadh, d'imthigh an bheirt agus dubhradar le Fionn abheith deas macánta go dtiocfaidh siad abhaile.
    Níor thúisce imthighthe iad nár dhein Fionn fear mór áluinn airist do féin agus fuair na caipíní agus chuir cuige iad. Nuair a thaínigh sé anuas an cistin tháinigh scannradh ar an gcailín aimsire nuair a chonnaic sí é, agus d'innis Fionn di cérbh'é féin. D'iarr sé uirthe teacht ina theannta go dtí an phiast agus dubhairt léi gan aon eagla do bheith uirthe roimis an mnaoi ná leigfeadh sé féin di aon rud do dhéánamh di. Chuaidh sí ina theannta agus nuair a shroicheadar an áit go raibh na daoine bailighthe tháinigh iongnadh ar ghach aoinne nuair a chonnacadar an leanbh beag abhí tagaithe ag feuchaint. Niorbh fhada dóibh ann nuair a ghabh an phiast cúcha isteach agus bhí seacht gceann, ? seacht mbeann agus seacht gcosa uirthe. Bhí inghean an riogh dá tógaint anuas de'n gcrann le tabhairt di le n-ithe nuair a léim Fionn amach agus scréach sé amach é féin do leigint cúiche, acht cheap na daoine gur as a mheabhair abhí sé agus bhiodar d'á chaitheamh siar. Acht léím Fionn isteach le linn do'n pheíst abheith ag gabhailt timcheall, agus thóg a chlaidheamh seacht dtroighthe san aer agus leig anuas sa cheann uirthe é, agus leis an mbuille sin bhain na seacht gceann ? di. An tarna buille thug dhein dá leath de chnámh a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí