Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn na ba istig ist oidhche bíonn siad ceangailte do staic. Bíonn cearachaill ag dull ó falla go falla eile agus bíonn poll anso agus annsúd sa chearachaill agus cuirtear snaidhm niór ar théadán i dtreó ná tiocfadh sé amach.
Cuirtear cornash ar bhoin a bheadh bradach Cuirtear téadán ó'n a adharca go dtí na tos tosaig agus ní féidir leí dul ó gort go gort eile muna mbíonn beárna osgailte roimpi. Dá mbeadh bó crosta nuair a bheadh duine 'á chrúdh chuirfeadh sé buarach uirthi. Ceangal iseadh é sin a cuirtear ar a dhá chois deirig nuair a bíttear 'á crúdh chun ná tabharfadh sí speach agus go leagfadh sí an bhuicéad. Deintear cuid de's na ceangail san áit.
Dá gcailltí bó do chrochfaí na cosa anáirde i dtig na mbó chun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Lúbhaing
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Chiarraí