Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 043
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lionanna i gceanntar na sgoile. Tugtar lios ar chuid aca, cathair ar a thuille aca, dún ar a thuille aca, agus rath ar a thuille aca. Tá lios i Mam an Óraig agus an Ceallamhrach a tugtar air. Cláidhe agus bainne cré atá tímcheall air. Cuma cruinn ata air. Tá ráth in Ráththonáin agus is uaidh a h-ainmnígheadh an baile. Díog mór atá tímcheall ar sin. Cuma cruinn atá air. I nDún Bheag tá dún falla cloch ata tímcheall air. Tá cathair i gCathair Árd. Tá cuid aca i radharc a chéile.
Chuaidh daoine isteach sa cheann atá in Ráth Chónáin agus thugadar coineall leó mar bhí sé dorchadh agus nuair a bhíodar tamall mhaith isteach ann do mhúch an choinneall agus do chasadar mar bhí eagla ortha go raibh droch aér istigh.
Deirtear gurb iad na sídheóga a dhein iad agus go mbídís 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brígid Ní Lúbhaing
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Chiarraí