Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 437
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)437i gcogadh uair amháin nuair a bhí an gorta ann agus chuaidh sé féin agus duine eile isteach i gcoill mhóir. Bhí madra beag ag an duine a bhí i néinfheacht leis agus cheannuig seana Tighearna Ceann Trágha uaidh é ar seacht bpúint agus d'ith sé é. Fuair an fear a bhí i néinfheadh leis bás den ochras.
Nuair a tháinigh sé abhaile ón gcogadh bhí meas mór aige ar an mbiadh. Aon práta a cídhfheadh sé ar an mbóthar priocadh sé suas é nuair a bhíodh sé ag dul abhaile ón nDaingean go dtí na thig féin agus cuireadh sé isteach na chóiste é. Deireadh sé leis na daoine, "Ná bhí ag chuineamh i naonchor gur le dealbhas ná lé cruinneas atáim á dhéanamh so ach lé meas ar an mbiadh".
Sé an slíghe a fuair sé seilbh ar an áit ná duine do saighdiúiri Cromaill abh eadh é, agus fuaireadhar píosa beag talmhan ó Cromaill ar dtúis. Ní raibh puinn talmhan ná saidhbhreas aige i dtosac ach cheannuig bean an dara Tighearna aca an talmhan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shíthig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eoghan Mac Sithigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)