Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 439
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 439CluichíImrigheann na daoine go léir im cheanntar féin cluichí. Bíonn A, B, C, mar cluiche againn uaireannta. Bíonn cuid maith daoine ann. Beirimíd ar láma a chéile agus deinimíd ciorchaill. Téidheann duine éigin isteach i lár an chiorchaill. Deireann sé A, B, C, leis na daoine a bhíonn sa chiorchaill síos go dtí G . An té a thuiteadh G air chaitheadh sé rith i ndiaidh an duine a bheadh istigh sa ciorchaill.
Árduigheann na daoie eile a lámha agus ritheann an beirt isteach is amach fé na lámha go dtí go mbeirtear ar an duine a bhí ag rádh A, B, C. Deireann an duine eile A, B, C ansan agus deineann sé an rud ceudna leis an céad duine eile.Máire Ní Dhonnchadha, Na Gleannta.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí