Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 388
- XML “Lios Seán O Corráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 388Lios Seán Ó Corráin Tá lios mór i dtalamh Seán M. Ó Corráin i gCnocabhroigín i gCorca Dhuibhne. Tá dhá claidhe timceall air. Tá na cladhacha déanta de clocha agus cré. Tá crainn ag fás i náirde ar na cladhacha san. Níl na crainn ró árd ar fad i naonchor. Crainn cnóidhte agus sgeacha is mó atá ag fás ann.
Tá an lios ana cruinn agus tá na cladhacha cruinn leis. Tá geata mór ag dul isteach tríd na cladhacha san.
Tá poll cuibhseach mór istigh i lár na leasa. Tá an poll timceall ceithre troighthe ar fhaid agus ceithre troighthe ar leithead.
Deirtear go bhfuil daoine curtha sa lios san. Deirtear go bhfuil mar nuair a bhí Miceál Ó Corráin ag treabha ann tháinigh sé go dtí leach mór. Darduigh sé an leach agus bhí áit cosamhail le uaigh fé. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig de Londra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Bhróigín Thiar, Co. Chiarraí