Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)317
timcheall na h-áite sin agus d'fhiaruigh dhó cad a bhí uaidh. Annsan dubhairt an gabha leis mar gheall ar an taidhbhreamh a bhí aige.
"A dhuine gan ciall" arsan duine uasal, "téir abhaile agus bíodh ciall agat. Bhí taidhbhreamh agamsa oidhche amháin go raibh ór i n-áit ar a glaodhtar 'Goirtín na gCruadh' fé chrann sgeach geal i gcúinne an gháirdín".
Nuair a chulaidh an gabha na focail sin do léim a chroidh le h-áthas. Bhí fhios aige gur bhé sin a ghairdín féin. Chas sé abhaile agus áthas an domhain air.
Chómh luath agus tháinig sé abhaile fuair sé a ramhn agus cuaidh sé go dtí an gáirdín. Do réab sé fé crann na sgeiche gille agus is annsan a fuaio sé corcán ór. Cuaidh sé abhaile agus níor dhein sé aon lá oibre as san amach.Máire Ní Shíthigh,
Na Gleannta,
Daingean Úí Cúise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shíthigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eoghan Mac Síthig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gleannta Theas, Co. Chiarraí