School: Scoil N. Breandán
- Location:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Teacher: Tadhg Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
I gCuimín na Tíorach ist'oidhche is gan duine acht mé féin ,
Núair a dhúisighim san oidhche bím ag cuimhneamh
Is ag mactnamh dom féin
Mar go bhfuil mo ghrádh sínnte thíos i gCill Seanaigh ó réir.
2.
Is do dh'fág Cáit annsúd mé go tinn dúbhach gan duine acht mé féin
Is do seoladh anonn í mar a gcúaidh an dúthcaigh ón Daingean go léir.
Is ní thiocfaidh sí chúghamsa le aon chúntas faid a mhairfidh mé féin.
3.
Do chuireasa mo chainnt chúichi sgriobhfa i mblúire páipéir,
Do chuir sí cabhair chúgham is nár súghadh é mar sgéal,
Cheannuigheadh sí plúr dom, siuicre, tobac agus té,
'Nos beadsa sa chúinne go súghadh i ndeire mo shaoghail.
4.
Acht ní creidimse ón saoghal ná gur bréaga go léir táid ag rádh,
Ná go dtiocfaidh sí chúgham-sa fé ghúnaí gus airgead bán,
Beí aici bólacht do bhuaibh óga agus féar aluinn óg,
Is ....gidh siad am caoineadh is mé sínte lag marbh ar bhórd.- Informant
- Seán O Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí