Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)( Pósadh Oidhche-go-Maidin )
iad. Ní bhiod luid dhíobh ná bíodh clúdaithe le tuighe is súgáin. Is minic a dheineadar bruighean is achrann toisg ná leigfí isteach 'on tigh iad agus bhídis ar meisge go minic ag déanamh ar an dtig agus bhíodh doicheall an domhain rómpa. B'iad an dream iad so ná daoine ná geibheadh aon chuire chuin an phósta.Tá an nós so - pósaidh "oidhche-go-maidin" - imighthe as an gceanntar so anois. Imthigheann an lanamha leo go dtí an baile mór agus fillid abhaile in dubh-dhorchadas na h-oidhche. Ní bhfaigheann na daoine óga aon t-sólás as phóstaidheacha an lae indiú. Ní rabhas-sa riamh ar phósadh "oidhche-go-maidin" ach cloisim mo mhuinntir ag cur síos ortha agus bíonn éad is formad ar an gclann óg ag éisteacht leo. Bhíodh "rogha gacha bidh is séan gacha dighe" i dtig an phósta an uair úd. Bhítí ag ullmhú le h-agaidh na h-oidhche sin seachtmhain roimh-ré - bhíodh gach aon t-saghas feola ann, is géanna rósta go flúirseach. Bhíodh rinnce is damhas is amhránaidheacht ann i rith na h-oidhche. Théigheadh na sean daoine ar an bpósadh an uair sin, ach anois is amhlaidh a bheithfí ag magadh fútha. Bhíodh beirt bheidhleadóirí sa cheanntar so a díoltaí cuin dul ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Sheáin Uí Ghearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí