Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Spré / Buachaillí Tuighe
bíonn ar chailín spré a thabhairt lei go tig an fhir ach ma's "cliamhain isteach" an fear bíonn air spré a tabhairt leis go tig a mhná. Ní díoltar an spré ar fad i dteannta chéile ach cuid anois is cuid arís.Tarrainghtear coingiollacha an phósta an lá théid go dtí an baile mór. Socruightear an buanacht a bheidh ag an lánamhain óig ar an dtalamh agus ar an dtig, an méid stuic a d'fhágfar aca, agus an t-am a thabharfar suas an seilbh dhóibh. Socruightear mar an gceadna an teidiol no call nó buanacht a bheidh ag an lanamhain chríona ins an tig nuair a thabharfaid suas an talamh agus an láimhseáil.
Téidheann an t-ogánach is an cailín go dtí an sagart parróisde chuin "an bileog" a d'fagháilt. Fadó ní théigheadh ach an buachaill ag triall ar an mbileoig, ach fé láthair bíonn ortha araon dul in aonfacht fé dhéin a' t-sagairt sa t-séipéal a póstar an lánamha agus taréis pósta dhóibh bionn spórt is rinnce is caitheamh aimsire aca i dtig tabhairne ar an mbaile is giorra de'n t-séipéil (An Buailtín). An oidhche sin bhailigheadh na daoine muinnteartha go léir - an choísire - i dtig an chailín nó an bhuachalla agus bhíodh "oidhche go maidin" aca ann. Thagadh "buachaillí tuighe" chuin an tighe agus iad gléasta i dtreo ná h-aithneochaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Sheáin Uí Ghearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí