School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 135
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag triall uirthi á rádh léi ná raibh cead aici a bheith istig in aon tig nú éinne a leigfheadh isteach í go mbeidís féin amuich leis. Bhíodar seo ag díol an chíosa. Cailleadh an bhaintreach amuigh ar an mbóthair. Do bhí na tighearnaí talmhan ana chruaidh an uair sin.
Do tháinig tighearna mná annsan i bhfánn. Do bhí sí ana chruaidh ar fad. Chaitheadh sí amach na daoine ná féadfad an cíos a díol. Do chuir sí báillí annso. Bhí báille i dtig annso chuaidh sé anáirde air bárr an tighe. Tig tuighe a b'eadh é. Sháig an bhean an díos isteach na cheathrú. Siúd an fhuil ag teacht. D'imthigeadar is seana bhlas air a gcosa aca. Níor thánadar riamh ó shoin san Oileán.
Do chuir Bess Rice — an tighearna — amach as a dtig Cáit bhán is a hathair i dtaobh ná rabhadar ag díol an chíosa. Caitheadh amach air an mbán iad(continues on next page)- Informant
- Eiblís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female
- Age
- c. 60