Scoil: Mionlach (uimhir rolla 8800)
- Suíomh:
- Mionlach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riocard Ó Tighearnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mionlach
- XML Leathanach 130
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé “This old hat pays for all,” maith go leor adeir fear an tighe. Chuaidh Páidín isteach i dteach [-eile-] eile agus rinne sé an cleas céadna cuaidh sé isteach i dteach bidh agus rinne an rud céadna. Nuair bhí Páidín taobh amuigh do’n doras thainig sé an fear a cheannuigh an bhó uaidh. Thug sé isteach go dtí an chéad teach ar fhág sé an punt ann agus d’ól siad a sáith. Nuair bhí Páidín ag dhul amach chraith sé an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Nuair chuaidh Páidín amach céard d’fheicfheadh sé acht an fear a bhí ag ceannacht an bhó i dtosach. Thug Páidín an bheirt fhear isteach sa teach biadh agus d’ith a sáith. Annsin chraith Páidín an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Chuaidh siad amach annsin agus dubhairt na fir ceannóchadh muid-ne an hata sin uait agus thug siad deich bpunt dó ar an hata. Chuaidh Páidín abhaile annsin agus fuair sé dhá coinín agus chuir sé i mbosca iad buil an teine agus chuaidh sé féin i bhfolach. Thainic na fir agus d’iarraigh cé raibh Páidín.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Maoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann