School: Mionlach (roll number 8800)

Location:
Mionlach, Co. Galway
Teacher:
Riocard Ó Tighearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mionlach
  2. XML Page 130
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mé “This old hat pays for all,” maith go leor adeir fear an tighe. Chuaidh Páidín isteach i dteach [-eile-] eile agus rinne sé an cleas céadna cuaidh sé isteach i dteach bidh agus rinne an rud céadna. Nuair bhí Páidín taobh amuigh do’n doras thainig sé an fear a cheannuigh an bhó uaidh. Thug sé isteach go dtí an chéad teach ar fhág sé an punt ann agus d’ól siad a sáith. Nuair bhí Páidín ag dhul amach chraith sé an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Nuair chuaidh Páidín amach céard d’fheicfheadh sé acht an fear a bhí ag ceannacht an bhó i dtosach. Thug Páidín an bheirt fhear isteach sa teach biadh agus d’ith a sáith. Annsin chraith Páidín an sean hata agus dubhairt “This old hat pays for all.” Chuaidh siad amach annsin agus dubhairt na fir ceannóchadh muid-ne an hata sin uait agus thug siad deich bpunt dó ar an hata. Chuaidh Páidín abhaile annsin agus fuair sé dhá coinín agus chuir sé i mbosca iad buil an teine agus chuaidh sé féin i bhfolach. Thainic na fir agus d’iarraigh cé raibh Páidín.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Maoldhomhnaigh
    Gender
    Female