Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 042
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thuirlingeadar agus chaith an Búrcach an sean chapall ar an toirt. D'iarr an bhean go cia an fath. D'freagair an fear nach n-dearna sé mar d'órduigh sé dúithe. Cheangal sé an srian den dhiallaidh agus dubhairt sé leis a mhnaoi iad a thabhairt abhaile ar a gualainn agus rinne sí sin.
    Ní raibh rompa ach suipéar suarach agus lá ar na bhárach thug a bhean faoi deara go raibh chuile short le n-ithe ag na searbhfhoghantaigh cé nach raibh aice féin ach biadh suarach. D'iarr sí ar a fear cia an fath leis sin. D'freagair an fear go raibh na searbhfhóghanta[igh] ag obair agus nach raibh sise na seisean ag déunamh tada. D'iarr sí ar a fear annsin dá oibreóchadh sí a bh-fuigheadh sí a togha bidh. Gheall an Búrcach d'ithe go bh-fhuigheadh gan amhras. Lá ar na bárach thosuigh sí ag obair agus bhí togha agus rogha bidh le fághail aice.
    Tar éis miosa chuaidh an bheirt ar chuairt tigh a h-athar. Bhí a triúr deirbhshiur agus a d-triúr fear ann rompa. D'iarr na fir den Bhúrcach cia mar eirigh leis smacht a chur ar a bhean. Dubhairt an Búrcach go raibh a bhean nios muinte anois ná aon bhean eile sa teach. Níor iontuigh na fir eile leis sin. Rinneadar geall céad punt leis. Cuireadh na mná i seomra fá leith ag imirt cártai. Bhí sé ar gach fear a glaodhach ar a bhean fhéin fá seach. Bhí leith sgéal ag an g-céad bhean gan teacht amach ar an b-poinnte boise. Bhí an leath sgéal ceúdhna ag an darra bhean agus ag an tríomhadh bhean. Ach nuair a ghlaodh an Búrcach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0901: Taming of the Shrew
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    R. O' Connell
    Faisnéiseoir
    Thomas Mannion
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Gairm bheatha
    Miller (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe