School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 042
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.”
(continued from previous page)Thuirlingeadar agus chaith an Búrcach an sean chapall ar an toirt. D'iarr an bhean go cia an fath. D'freagair an fear nach n-dearna sé mar d'órduigh sé dúithe. Cheangal sé an srian den dhiallaidh agus dubhairt sé leis a mhnaoi iad a thabhairt abhaile ar a gualainn agus rinne sí sin.
Ní raibh rompa ach suipéar suarach agus lá ar na bhárach thug a bhean faoi deara go raibh chuile short le n-ithe ag na searbhfhoghantaigh cé nach raibh aice féin ach biadh suarach. D'iarr sí ar a fear cia an fath leis sin. D'freagair an fear go raibh na searbhfhóghanta[igh] ag obair agus nach raibh sise na seisean ag déunamh tada. D'iarr sí ar a fear annsin dá oibreóchadh sí a bh-fuigheadh sí a togha bidh. Gheall an Búrcach d'ithe go bh-fhuigheadh gan amhras. Lá ar na bárach thosuigh sí ag obair agus bhí togha agus rogha bidh le fághail aice.
Tar éis miosa chuaidh an bheirt ar chuairt tigh a h-athar. Bhí a triúr deirbhshiur agus a d-triúr fear ann rompa. D'iarr na fir den Bhúrcach cia mar eirigh leis smacht a chur ar a bhean. Dubhairt an Búrcach go raibh a bhean nios muinte anois ná aon bhean eile sa teach. Níor iontuigh na fir eile leis sin. Rinneadar geall céad punt leis. Cuireadh na mná i seomra fá leith ag imirt cártai. Bhí sé ar gach fear a glaodhach ar a bhean fhéin fá seach. Bhí leith sgéal ag an g-céad bhean gan teacht amach ar an b-poinnte boise. Bhí an leath sgéal ceúdhna ag an darra bhean agus ag an tríomhadh bhean. Ach nuair a ghlaodh an Búrcach(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Informant
- Thomas Mannion
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Occupation
- Miller
- Address
- Milltown, Co. Galway