School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 044
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann fadó darbh ainm Seán Tincéir.

    Bhí fear ann fadó darbh ainm Séan Tincéir. Bhiodh sé ag dul thart ar fud na tíre le "budget" agus gunna agus paca cartai. Níor thaithnigh sé leis an sagart agus ar an adhbhar in choinneóchadh sé as bealach a t-sagairt. Bhí an sagart ag dul treasna srutháin lá agus bhí Séan ag siubhal ar an taobh thall. Theip ar an sagart dul treasna agus ghlaodh sé ar Shéan láimh conganta a thabhairt den sagart. Chuir sé an sagart ar a dhruim agus ar aghaidh leis. Ach nuair a bhí sé leath bhealaigh d'iarr an sagart ar Shéan faoistin a dhéunamh agus go maithfeadh sé dhó. Thosuigh Séan a dhéunamh faoistine agus ní raibh mórán raidhte aige nuair a dubhairt an sagart "tá an diabhal ort". Agus d'freagair Séan "má tá is gearr a bhéas tus[a] ar mo dhruim" agus chaith sé sa sruthán é.
    In a dhiaidh sin d'imthigh Séan as an áit le faithchios roimh a sagart. Dhíol sé a anam leis an Diabhal ar feadh seacht m-bliadhna ar aon gnó go m-beadh chuile short ar a mhian aige ins an m-mbudge[t.] Bhí saoghal breagh ag Séan ar feadh na seacht m-bliadh[na.] Ach nuair a bhí na seacht m-bliadhna suas tháinigh an fear mór i g-coinne Shéain agus dubhairt leis - "tá an t-am suas a Shéain." "Tá go maith" arsa Séan "s[in] an méid spáis a iarras mé ort paidir agus cré agus Abhe Maria ag radh." "Bhéarfaidh mise sin duit" ars an diabhal. "Bhel dheamhan paidir ná cré ná Abhe Maria a déarfas Séan an fhaid agus bhe[?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Language
    Irish
    Collector
    R. O' Connell
    Informant
    Thomas Mannion
    Gender
    Male
    Age
    82
    Occupation
    Miller
    Address
    Milltown, Co. Galway