Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 008
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Sean saighdiúr do d'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Go d-tiocfaidh an Suibhneach abhaile chugam in a shlainte
    Gan punta bróin air ná briseadh croidhe:
    Go mbéidh discharge glan aige in a phóca
    Agus pinsiún mór mór ag tigheacht ón Rí;
    Go m-béidh umbrella aige os cionn a chóta
    Agus muid go spóiryeamhail i nGleann na Magh Duibhe aríst.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí buachaill óg agus cailín ag ealadh le na chéile chun pósta go moch maidin tsamhraidh.

    Bhí buachaill óg agus cailín ag ealodh le na cheile chun pósta go moch maidin t-samhraidh. Nuair a bhí siad ag dul treasna claidhe árd thug se léim anuas agus briseadh a chos. Rinne an cailín óg iarracht é ag cur na sheasamh agus nuair a chonnaic sí go raibh a chos briste d'imthigh sí leithi agus d'fág sí annsin é. Bhí sé annsin i n-diag a' chlaidhe go bh-fuair fear na talmhan é trathnona. Chuir sé ar a dhruim é agus d'iomcar sé é go dtí a thigh fhéin é. Chuir sé in a chodladh é agus chuir sé fios ar fhear leighis le na chois a dheisiú. Thosuigh bean a tighe ag tabhairt misnigh dhó le na foclaí so:- "Chuala mé dhá radh go m-bíonn an ghangaid ins na mnáibh. Ach codail thusa a Sheáin do shaith i leabaidh chaol chruaidh gan éadach." D'innis seisean dithe an stad mí-fhortúnach a raibh sé ann nuair a d'imtigh 's a threig sí é.
    "D'fheach mé ó theas is d'feach mé ó thuaidh
    As ní fhaca mé ach na cuanta fánach.
    Tharraing mé mo ghruag agus shíl mé go chruaidh
    Séard dubhairt na clocha go m-ba truagh é m-adhbhar."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    P. Ó hÉancháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Tobair Thoir, Co. na Gaillimhe