Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 039
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear fadó ina mhairneallach agus theidheadh sé go údrtha iar fairrge.”
Bhí fear fad ó in a mhairneallach agus theidheadh sé go tíortha thar fairrge. Ba as paroiste Cillchoirín é agus Padraig Ó Chonchubhair b'ainm dó. Baitheadh an long a raibh sé uirthi in aice le cuan agus snámh sé go dtí an cuan. Chuaidh sé isteach i d-teach breagh ar bhruach coille. Bhí fear beag annsin in a shuidhe ar stól beag agus a chuid gruaige chomh geal leis an sneachta. D'iarr sé ar an mairnéallach cér bas é. Dubhairt an mairneallach as Éirinn. D'iarr an fear beag c'én áit in Éirinn. "In aice le Cillchoirín" d'freagar an Mairnéallach. D'iarr an fear beag an raibh eolas aige ar "Lios Dhruim a Deallra". Dubhairt an mairnéallach go raibh. Dubhairt an fear beag "nuair a d'fágamar Éire d'fágamar an oiread óir i Lios Druim a Deallra 's a dhéanfadh Éire saidhbhir". Tá cú dá cumhdach agus siubhlann sé gach oidhche as Druim a Deallra go dtí Eescir Stiopáin in gar le Maghlocha.- Bailitheoir
- Roisín Nic Ghabhann
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Faisnéiseoir
- Thomas Mannion
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Miller (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe