Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 007
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Sean saighdiúr do d'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é.

    Sean saighdiur do b'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é. Caoin a bhean é agus chum sí amhrán le cumha in a dhiaidh. Seo cuid den chaoineadh:-
    "A Bhriain Mhic Suibhne mo chuig chéad slán duit
    Ba dheas é lorg do bhéal 's do leagan súl:
    Ba mhilse do phóg na an mil sa samhradh
    As ba ghile do bhraghaid na an sneachta ó d-tuaidh.
    I d-teach an leanna ba tú ceann na céille
    Ag deúnamh réidhtigh s dhá g-cur o cháin
    Ach le cumha do dhiaidh ní bheidh mé beo.
    Dá b-fhághainn-se cead seasta ar lorg do bhróg
    Go d-toghfadh an brón mór 's an tuirse dhíom
    Ach duitche an Ghóraid is fághainn faoi dhó í
    Is go d-tuibhrainn as mo stóirin ach d-filleadh arisht[?]
    Le do chuiplín leath-thromach gan luath na éag-cóir
    A g-cúil le cheile ar mo dhruim
    Muna m-beadh Seán 's Padraig go m-buan iad i n-grásta
    Is mé bheadh fánach faoi mo dheoch 's mo ghreim
    Gabhfaidh mise go Sasana a teacht an earraigh
    As tréigfead m'aimsir s mo chairdí gaol
    As cuirfidh mé cogadh ar Rí na Frainnce
    As níl agam ach amhras go bh-filleadh choidhc.
    Tá súil le Dia agam 's le Rí na n-Grásta
    As an Mhaighdean Ghlórmhar nár pheacuigh ariamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    P. Ó hÉanacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Tobair Thoir, Co. na Gaillimhe